Tá ranganna ióga agus sláinte ar siúl i láthair na huaire le Múinteoir Rosie. Tá na páistí ag baint an-tairbhe astu.
0 Comments
Comhghairdeas leis na páistí go léir a ghlac páirt san Tráth na gCeist don Chomhar Creidmheasa agus tréaslaímid le Muireann, Séamus, Oran agus Clodagh a tháinig san tríú háit. Maith sibh!
Tugadh bia álainn isteach don díolachán cácaí. Ba léir gur cuireadh an-chuid oibre isteach agus d’fhéach gach rud go hálainn. Míle buíochas freisin as na duaiseanna a fuaireamar don chrannchur agus do gach duine a cheannaigh línte. Bhí ríméad orainn go raibh an bua againn sa chluiche ceannais i bPáirc Uí Chíosóg in Inis. Bhíomar ag imirt i gcoinne Scoil Naomh Seanáin agus cluiche an-spreagúil a bhí ann.
Bhí na naíonáin ag foghlaim faoi oíche Shamhna trí chluichí a imirt |
Gaelscoil Uí ChoimínFáilte chuig nuacht ó Gaelscoil Uí Choimín. Seol grianghraif ó eachtraí na scoile chuig [email protected] Archives
March 2024
Categories
All
|