Nollaig Shona agus Athbhliain Faoi Mhaise Daoibh go léir! Tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh as na laethanta saoire na Nollag. Is cinnte go bhfuil an sos ag teastáil, go háirithe i ndiaidh an seachtain gnóthach a bhí againn i nGaelscoil Uí Choimín. Dé Luain agus Déardaoin d'imigh na páistí ag canadh carúil ag Tesco agus Super Valu. Chruthaigh sé atmaisféar céiliúrtha sa bhaile. | Wishing you all a Merry Christmas and a Happy New Year. We hope that everyone enjoys the Christmas holidays. Certainly a break is needed, especially after our busy week in Gaelscoil Uí Choimín. On Monday and Thursday children went carol singing in Super Valu and Tesco, helping to create a festive atmosphere in the town. |
Dé Máirt bhí rang 3-6 ag canadh ag an ceolchoirm 'Music Generation' sa Teach Cheoil le páistí ó scoileanna áitiúla eile. | On Tuesday 3rd-6th class sang in the 'Music Generation' concert at the Teach Cheoil, Kilrush with children from three other local schools. |
Dé Céadaoin, léirigh na páistí torthaí dá gcuid saothar le Astrid Adler agus an scéim Dráma i Scoileanna le mím na Nollag. Bhain na páistí an-taitneamh as scileanna míme a fhorbairt léi gach seachtain. Táimid bródúil astu go léir! | On Wednesday, children showed the results of their hard work with Astrid Adler and the Drama in Schools programme with a Christmas mime. The children enjoyed working with her each week as the developed mime skills. We are all very proud of them! |
Dé hAoine bhí cuairteoir speisialta againn. Tháinig San Nioclás agus thug sé brontannais do gach páiste. Is dócha go bhfuil siad go léir ar a liosta do na pástí an-mhaith. | On Friday we had a special visitor before we finished for Christmas holidays. Santa Claus came with presents for everyone. The boys and girls must all be on Santa's good list. |
| | |